Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh
Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: ‘https://commission.europa.eu’
Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.
Is í Ard-Stiúrthóireacht Chumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha ionas go mbeidh sé á úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.
Ba chóir duit a bheith in ann:
- zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí nua-aimseartha aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 25 Deireadh Fómhair 2024.
Ullmhúchán an ráitis seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 30 Aibreán 2025.
Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht ó IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.
Aiseolas
Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht shuíomh gréasáin an Choimisiún Eorpaigh. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:
- Fón: 00 800 6 7 8 9 10 11
- Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (iarrtar ort gan eolas íogair a lua san fhoirm, e.g. aon eolas a nochtfadh eolas pearsanta airgeadais, eolas a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile).
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach fiosrúchán.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear seo a leanas:
- an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome, Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
- in éineacht leis na leaganacha is déanaí de NVDA, VoiceOver agus TalkBack.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript
Ábhar neamh-inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun an inrochtaineacht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna atá ar eolas againn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.
Lochtanna aitheanta ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh:
- Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteoir físe (agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár, ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).
- Fotheidil: Tá fotheidil oscailte ag roinnt físeán nach sainaithnítear na cainteoirí iontu go soiléir.
- Cur síos fuaime: Níl cur síos fuaime ag gabháil leis na físeáin ar an suíomh gréasáin seo.
- Graif agus cairteacha – úsáid dathanna: Graif agus cairteacha áirithe ar an suíomh gréasáin, braitheann siad ar dhath amháin chun faisnéis a chur in iúl, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine a bhfuil uireasa aitheanta dathanna orthu. Nuair nach bhfuil baint amhairc ag lipéid leis an rannán comhfhreagrach daite i gcairteacha, ach cliceáil ar na lipéid sna scoráin ‘eochair eolais’ ar an líne, an barra nó an rannán comhfhreagrach chun iad a chur ar siúl nó a mhúchadh, ligtear d’úsáideoirí a sheiceáil cén lipéad a bhaineann le cén chuid den chairt. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach le linn 2025.
- Ordlathas na gCeannteideal: Ní leanann roinnt ceannteideal ordlathas na gceannteideal i gceart, rud a d’fhéadfadh fadhbanna a chruthú d’úsáideoirí léitheoirí scáileáin.. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach faoi dheireadh 2025.
- Cairt eagrúcháin: An leagan is déanaí den chairt eagrúcháin fhísiúil atá foilsithe, níl rochtain ag daoine a úsáideann léitheoir scáileáin air, ná ag úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an nascleanúint méarchláir. Is rogha eile inrochtana é an Whoiswho don chuid is mó den ábhar.
- Naisc sheachtracha a osclaíonn gan rabhadh a thabhairt: Osclaíonn roinnt nasc fuinneog nua (nó cluaisín) gan rabhadh a thabhairt. Tá sé beartaithe é sin a réiteach faoi dheireadh mhí Iúil 2025.
- Beochaintí: Tá beochaintí ar roinnt leathanach, cuir i gcás graif bheoite, nach féidir a chur ar sos, a stopadh ná a chur i bhfolach. Tá sé beartaithe againn an fhadhb sin a réiteach le linn 2025.
Éifeacht shaobhdhiallach: Tá éifeachtaí saobhdhiallacha ag roinnt leathanaigh a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le meadhrán, masmas agus éagothroime i ndaoine a bhfuil íogaireacht gluaisne acu.